Go luath sna hochtóidí, rinneadh bearta chun ionad múinteoirí a bhunú i dTiobraid Árann a dhéanfadh freastal ar riachtanais ghairmiúla na múinteoirí.
Do léirigh torthaí imscrúduithe fhochoiste Chumann Múinteoirí Éireann gur bhraith múinteoirí i nDurlas Éile, Aonach Urmhumhan, Ros Cré, Teampall Mór, Caiseal, Cathair Dhún Iascaigh, Tiobraid Árann agus Cluain Meala go láidir gur cheart go mbeadh áis éigin bunaithe chun freastal ar a gcuid riachtanas.
Mar thoradh air sin, bunaíodh Grúpa Staidéir. Chabhraigh na Bráithre Críostaí i nDurlas Éile le cóiríocht a chur ar fáil chúrsaí oíche. Thairg na Siúracha Ursulacha go fial áitreabh saor ó chíos go dtí go raibh aitheantas agus maoiniú Roinne ar fáil. Chuir Cumann Múinteoirí Éireann, Cumann na Meánmhúinteoirí, Éire agus Aontas Múinteoirí Éireann maoiniú don áitreabh seo a fheistiú.
Ón tús, ba é ba mhian leis an ngrúpa seo ná go n-aithneofaí go hoifigiúil lá amháin iad mar Ionad Múinteoirí. I rith na mblianta 1985 go 1989 chuaigh an grúpa ó neart go neart.
I rith na mblianta sin, rinneadh go leor iarratas ar aitheantas chuig an Roinn Oideachais. Ar 2 Márta, 1989 bhuail toscaireacht le hoifigigh na Roinne agus cuireadh aighneacht cúig leathanach déag i láthair ag cur síos ar na fáthanna go raibh gá le hionad múinteoirí i dTiobraid Árann.
Ní go dtí 1991 ar bronnadh stádas Lárionad Páirtaimseartha ar an nGrúpa Staidéir. Sna 90idí luatha tháinig fás gan fasach ar an soláthar inseirbhíse go náisiúnta d’fhorbairt ghairmiúil múinteoirí.
Le linn an ama seo, tá 160 ionad eagraithe againn do chúrsaí, léachtaí, seimineáir, scoileanna samhraidh agus oícheanta eolais. Tá líon nach lú ná 1500 múinteoir tar éis freastal ar na cúrsaí seo.